Skip to main content

Fógra Dlíthiúil

Téarmaí agus coinníollacha 

AG ÚSÁID AN SUÍOMH GRÉASÁIN AGUS AN tSEIRBHÍS SEO, AONTAÍONN TÚ GO gCLOÍFIDH TÚ LEIS NA TÉARMAÍ AGUS NA COINNÍOLLACHA SEO.

I. Maidir leis an Suíomh Gréasáin

1. Is é cuspóir ghinearálta an tSuímh Ghreasáin rochtain ar Better Entrepreneurship Tool (ar a gcuirfear “an tSeirbhís” amach anseo) a chur ar fáil. Is féinmheasúnú ar líne agus uirlis foghlama faoi bheartais agus cláir fhiontraíochta ionchuimsitheacha agus sóisialta saor in aisce é Better Entrepreneurship Tool. Tá na rudaí seo a leanas mar chuid den uirlis:  

•   féinmheasúnuithe trína chuirtear creat ar fáil chun machnamh a dhéanamh ar bheartais agus cláir fhiontraíochta ionchuimsitheacha agus sóisialta i gcathair, réigiún nó tír.
•   nótaí treoracha maidir le beartas agus cás-staidéir spreagúla chun tacú le dearadh beartas níos fearr. 

2. Tá rochtain ar an tSeirbhís agus ar na hábhair atá ar fail tríd an Suíomh Gréasáin oscailte. Ach, tá deimhniú de dhíth.

3. Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta d’infhaighteacht gan bhriseadh an tSuímh Ghréasáin a chinntiú. Mar sin féin, d’fhéadfadh go gcuirfí rochtain ar an Suíomh Gréasáin agus ar an tSeirbhís a bhaineann leis ar fionraí, go gcuirfí teorainn nó bac leo chun deisiúcháin nó cothabháil a dhéanamh, nó chun seirbhísí nó áiseanna nua a thabhairt isteach.

II. Sainmhínithe

Ciallaíonn seirbhís(í) uirlis iomlán ‘Better Entrepreneurship Tool’ a chuireann deis ar fáil d’úsáideoirí measúnú a dhéanamh ar a bpróifíl fiontraíoch, agus a chuireann rochtain ar fáil ar thuarascálacha a oiriúnaítear don úsáideoir bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann sé/sí isteach.

Ciallaíonn Faisnéis agus Ábhair aon ábhar, lena n-áirítear sonraí, téacs, íomhánna agus físeáin, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Better Entrepreneurship Tool, agus laistigh den tSeirbhís, lena n-áirítear cáipéisí a chuirtear ar fáil i ndiaidh an fhéinmheasúnaithe.

Ciallaíonn Téarmaí Ginearálta na téarmaí agus coinníollacha reatha a bhfuil aon úsáid a bhaintear as an Suíomh Gréasáin, as an tSeirbhís nó as an bhFaisnéis agus Ábhair a bhaineann leis faoina réir.

III. Téarmaí infheidhme

1. Rialaíonn na Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide Ginearálta seo rochtain agus úsáid aon Fhaisnéis, Ábhar nó Seirbhís a bhaineann leis an Suíomh Gréasáin, agus tuigtear go n-aontaíonn an t-úsáideoir leis na Téarmaí Ginearálta seo nuair a bhaintear úsáid as an Suíomh Gréasáin.

2. Forchoimeádann an tAontas Eorpach an ceart na Téarmaí Ginearálta seo agus aon téarmaí sonracha eile ar an Suíomh Gréasáin a leasú am ar bith ag postáil na téarmaí agus na coinníollacha leasaithe ar an Suíomh Gréasáin. Beidh feidhm ag na leasuithe seo ón dáta ar a bpostálfar iad.

IV. Úinéireacht

4. Is leis an AE agus an ECFE an fhaisnéis a fhoilsítear ar an Suíomh Gréasáin agus ar an tSeirbhís.

5. Dílsíodh na cearta dílseánaigh, lena n-áirítear cóipcheart, a ghabhann leis an ábhar uile atá ar fáil ar an Suíomh Gréasáin seo leis na húinéirí faoi seach. Ní ghlacann úsáideoirí úinéireacht ar fhaisnéis, ábhar agus Seirbhís an tSuímh Ghréasáin mar thoradh ar an rochtain a chuirtear ar fáil orthu. Forchoimeádann an t-úinéir (na húinéirí) faoi seach gach ceart nach ndeonaítear go sonrach anseo.

V. Ceart úsáide agus teorainneacha

1. Deonaítear rochtain ar Fhaisnéis, Ábhar agus Seirbhís an tSuímh Ghréasán seo ar son na cúiseanna a ndéantar cur síos orthu i bpointe I thuas, laistigh den scóip agus de na cuspóirí a leanann an Coimisiún Eorpach.

2. Is mar seo a leanas a rialaítear úsáid Faisnéis, Ábhar agus Seirbhís an tSuímh Ghréasáin.

Is féidir le húsáideoirí:

a) an suíomh gréasáin a úsáid ar son a gcúiseanna neamh-tráchtála féin, gan Faisnéis, Ábhar agus Seirbhís an tSuímh Ghréasáin a leasú:

b) tabhairt faoi fhéinmheasúnú faoi mar a dhéantar cur síos air i bpointe I.1 thuas;

Ní féidir le húsáideoirí:

a) an Fhaisnéis, na hAbháir nó an tSeirbhís a úsáid ar son cúiseanna tráchtála;

b) aon ghníomh a dhéanamh a d’fheadfadh dochar a dhéanamh do chúiseanna an tSuímh agus na Seirbhíse, ná iad a shárú; níl cead ag úsáideoirí stádas saor in aisce an tSuímh agus na Seirbhíse a athrú ag baint leas tráchtála astu, ach go háirithe.

VI. Srianta

Ní chlúdaíonn an ceadúnas thuasluaite faisnéis ar ar deonaíodh ceart maoine intleachtúla, nó ar a bhfuil ceart maoine intleachtúla ar feitheamh chuige (e.g. trádmharcanna, dearaí agus cearta bunachair shonraí). Sna cásanna sin, agus in aon chás ina dteastaíonn úsáid tráchtála, moltar do na húsáideoirí cead sonrach agus follasach a fháil ón gCoimisiún Eorpach.

Ní údaraíonn na Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta reatha úsáid aitheantas ná lógó ECFE ná AE. Tá siad seo faoi réir téarmaí agus coinníollacha sonracha agus iad ar fáil anseo [nasc le https://ec.europa.eu/info/resources-partners/european-commission-visual-identity_en ] agus anseo. [nasc le http://www.oecd.org/termsandconditions/]

Tá aon cheart nach ndeonaítear go follasach sna Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta reatha faoi réir iarratas sonrach ar chead ón gCoimisiún Eorpach.

VII. Séanadh

Cé go ndéanann an Coimisiún Eorpach iarracht an fhaisnéis, an t-ábhar agus an tSeirbhís a choinneáil cothrom le dáta agus cruinn, ní mhaíonn sé, agus ní thugann sé aon ghealltanas ná dearbhú faoi chruinneas, uilechuimsitheacht, ná leordhóthanacht na n-ábhar agus na seirbhísí atá ar fáil tríd an Suíomh Gréasáin agus mar sin, séanann sé aon dliteanas d’earráidí agus d’easnaimh a mhéid is atá ceaduithe de réir dlí.

VIII. Próiseáil agus cosaint sonraí

I gcásanna ina dteastaíonn sonraí pearsanta fút ón suíomh gréasáin seo, déileálfar leis an bhfaisnéis sin de réir Rialachán (AE) 2016/6791, Rialachán Ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí, nasc [nasc le https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1532348683434&uri=CELEX:02016R0679-20160504 ].

IX. Teagmháil

Má tá ceist maidir leis an Suíomh Gréasáin nó an tSeirbhís agat agus má theastaíonn cead sonrach agus follasach uait, déan teagmháil le: enquiries@betterentrepreneurship.eu