Skip to main content

Tacú le grúpaí faoi ghannionadaíocht agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste san fhiontraíocht

01
Gan tosú
02
Gan tosú
03
Gan tosú
04
Gan tosú
05
Gan tosú
06
Gan tosú
Déan measúnú bunaithe ar scála ó 0 go 10. Mura bhfuil freagra agat nó mura mbaineann an cheist le do chomhthéacs, cuir an cúrsóir taobh le “Gan freagra” ar thaobh na láimhe clé den scála.
Cabhair

Cultúr cuimsitheach fiontraíochta a chothú

Is é cur lena bhfuil ar eolas faoi phoitéinseal na fiontraíochta mar mhalairt ar fhostaíocht spleách an chéad chéim chun aird daoine a tharraingt ar an bhfiontraíocht. Cumhdaítear sa mhodúl seo modhanna promóisin cosúil le feachtais feasachta spriocdhírithe, oideachas agus úsáid rólchuspaí.
Underrepresented Quiz Culture
1.1 Cuirtear an fhiontraíocht chun cinn go forleathan sa tsochaí.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Cuirtear an fhiontraíocht chun cinn mar ghníomhaíocht indéanta do raon leathan daoine (m.sh. inscní, aoiseanna, eitneachtaí, stádais mhíchumais éagsúla) lena n-áirítear grúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
  • Cruthaítear íomhá dhearfach den fhéidearthacht fhiontraíoch i measc grúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
  • Cuirtear in iúl an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag an bhfiontraíocht nuair is grúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste a thiomáineann í.
  • Baintear úsáid as scéalta ratha, eiseamláirí agus dámhachtainí fiontraíochta chun fiontraithe ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste a chur ar taispeáint.
  • Ar na bearta gníomhachtaithe don mhargadh saothair tá bearta tacaíochta do chruthú gnó do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
1.2 Cuirtear an fhiontraíocht chun cinn i measc próifílí éagsúla de ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Baintear úsáid as feachtais, scéalta ratha, eiseamláirí agus dámhachtainí fiontraíochta chun fiontraithe ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste a spreagadh.
  • Cuirtear teachtaireachtaí in oiriúint do phróifílí difriúla de ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste, mar shampla, mná, inimircigh nua, Romaigh, daoine faoi mhíchumas, daoine óga agus seanóirí.
  • Úsáidtear teachtaireachtaí oiriúnacha chun eolas a thabhairt faoi ról an riosca san fhiontraíocht.
  • Úsáidtear cainéil chuí meán agus ar líne chun teagmháil a dhéanamh le grúpaí difriúla faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
1.3 Déanann feachtais spriocdhírithe an fhiontraíocht i measc grúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn do phríomheiseamláirí.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Trí fheachtais spriocdhírithe cuirtear gairmchomhairleoirí, seirbhísí fostaíochta poiblí agus ceardchumainn ar an eolas faoi fhéidearthacht na fiontraíochta do dhaoine a bhfuil próifílí éagsúla acu, lena n-áirítear grúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi míbhuntáiste.
  • Cruthaítear íomhá dhearfach den fhiontraíocht i measc daoine ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
  • Úsáidtear cainéil chuí meán agus ar líne chun teagmháil a dhéanamh le príomheiseamláirí d'fhiontraithe ionchasacha ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
1.4 Cothaíonn an t-oideachas foirmiúil dearcthaí dearfacha i leith na fiontraíochta.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Cuirtear an fhiontraíocht in iúl go dearfach sna curaclaim éigeantacha scoile.
  • Clúdaíonn oideachas fiontraíochta raon leathan gníomhaíochtaí agus samhlacha fiontraíochta (m.sh. an fhiontraíocht pháirtaimseartha, an fhiontraíocht shóisialta) agus taispeánann sé raon leathan fiontraithe (éagsúlacht in inscní, cúlraí eitneacha, aois, stádas míchumais, etc.).
  • Cuirtear oiliúint ar mhúinteoirí faoin tslí leis na curaclaim fiontraíochta a mhúineadh.
  • Spreagtar scoláirí chun smaoineamh ar an bhfiontraíocht mar chonair ghairme.
1.5 Úsáidtear monatóireacht agus meastóireacht chun tionchar na ngníomhaíochtaí um chur chun cinn na fiontraíochta ar ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste a mheas.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Socraítear spriocanna intomhaiste maidir le for-rochtain i leith grúpaí éagsúla faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
  • Tugtar faoi mhonatóireacht agus faoi mheastóireachtaí meántéarmacha lena chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí tionscnaimh sa riocht ceart le spriocanna agus cuspóirí a bhaint amach i gcás grúpaí éagsúla faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste.
  • Cuirtear gníomhaíochtaí tionscnaimh in oiriúint i bhfianaise torthaí monatóireachta agus meastóireachta meántéarma.
  • Tugtar faoi mheastóireachtaí ex post chun tionchar gníomhaíochtaí tionscnaimh fiontraíochta atá dírithe ar ghrúpaí faoi ghannionadaíocht agus faoi mhíbhuntáiste a thomhas, agus tuairiscítear na torthaí go forleathan.
  • Tuairiscítear torthaí monatóireachta agus meastóireachta go forleathan agus úsáidtear iad chun feachtais fheasachta a fheabhsú.
Cabhair don mhodúl seo
Nótaí treorach:
Gluais:
Bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair
Bearta chun cabhrú le daoine dífhostaithe agus le daoine eile a bheith páirteach sa mhargadh saothair. Áirítear i measc na mbeart seo de ghnáth bróicéireacht post (folúntais agus cuardaitheoirí poist a nascadh lena chéile), oiliúint (chun scileanna iarratasóirí ar phost a uasdátú agus a oiriúnú), agus cruthú post díreach (fostaíocht san earnáil phoiblí nó fóirdheonú oibre san earnáil phríobháideach).
Caillteanas marbhualaigh
A mhéid is gá go mbeadh gnó nua bunaithe ag rannpháirtithe gan an fóirdheontas. De bhrí nach bhfuil tionchar ag an scéim ar iompar na “rannpháirtithe marbhualaigh” seo, ní chuireann a rannpháirtíocht leis an luach eacnamaíoch a chruthaíonn an scéim cé go bhfuil eisíocaíocht phoiblí i gceist. Tá costas sóisialta na heisíocaíochta seo cothrom le suim an chostais saofa nó ualach barrachais na cánach atá á mhaoiniú.
Caipiteal sóisialta
An luach a bhaineann le líonraí sóisialta, a bhfuil baint ag an teaghlach, cairde, comhghleacaithe, agus teagmhálaithe gnó agus pearsanta leo, líonraí trína n-aimsítear deiseanna. San earnáil fiontraíochta, soláthraíonn caipiteal sóisialta rochtain ar eolas, líonraí cliant, soláthraithe agus tacaíocht ghairmiúil, agus d’fhéadfadh sé, dá réir sin, cur leis na deiseanna atá ag duine a chinntiú go n-éireoidh le gnó.
Cóitseáil
Caidreamh gearrthéarmach de ghnáth, a bhfuil sé mar aidhm leis scileanna fiontraí a fhorbairt. Is próiseas comhoibríoch é ina bhfuil róil atá sainmhínithe go soiléir ag na rannpháirtithe. Tá an cóitseálaí freagrach as spriocanna gearrthéarmacha a fhorbairt agus as an gcóitseálaí faoi oiliúint a threorú i dtreo na spriocanna trí aiseolas cuiditheach a thabhairt. Tá an cóitseálaí faoi oiliúint freagrach as smaointe agus roghanna a fhorbairt, beart a dhéanamh chun an sprioc a bhaint amach, agus dul chun cinn a thuairisciú.
Comhairleoireacht gnó
Cineál seirbhís forbartha gnó a sholáthraíonn comhairle ghairmiúil. Cur chuige coitianta é seirbhísí comhairleoireachta gnó a thairiscint mar chuid de scéimeanna tacaíochta comhtháite agus a shonrú gur coinníoll a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fháil é an chomhairleoireacht gnó.
Díláithriú
A mhéid is a thógann gnóthaí fóirdheonaithe gnó ó fhostaíocht agus a dhíláithríonn siad fostaíocht i ngnó neamh-fhóirdheonaithe.
Eiseamláirí
Fiontraí a bhfuil taithí aige/aici atá in ann daoine eile a spreagadh chun gnó nuathionscanta a bhunú nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí féinfhostaíochta.
Fiontraithe srathacha
Fiontraithe a n-éiríonn leo gnóthaí a bhunú agus a dhíolann iad nuair nach mbíonn siad ach cúpla bliain ar an bhfód seachas gnó a rith ar feadh a shaolré.
For-rochtain
Iarracht chórasach seirbhísí a sholáthar sa bhreis ar ghnáth-theorainneacha chun freastal ar chodanna éagsúla de phobal. Is féidir seirbhísí for-rochtana a úsáid chun próifíl seirbhísí (níos coitianta) a ardú agus daoine a chur ar an eolas faoin soláthar. Is féidir seirbhísí for-rochtana a úsáid freisin chun dul i bhfeidhm ar, agus deis rannpháirtíochta a thabhairt do ghrúpaí sonracha agus dóibh siúd nach bhfuil sé de nós acu seirbhísí príomhshrutha a úsáid. Cur chuige amháin é seirbhísí a sheachadadh in ionaid a bhfreastalaíonn daoine ó na spriocphobail orthu cheana féin (e.g. ionaid phobail, ionaid don aos óg, ionaid adhartha, ionaid siopadóireachta) seachas oifig for-rochtana a bhunú agus iarracht a dhéanamh daoine a mhealladh i dtreo na hoifige.
Gorlanna gnó
áiseanna deartha chun tacú le cruthú agus le fás cuideachtaí fiontraíocha trí réimse acmhainní agus seirbhísí tacaíochta gnó, á dtairiscint go díreach sa ghorlann agus trína líonra teagmhálaithe. Tá éagsúlacht le tabhairt faoi deara sa tslí a sheachadann gorlanna a gcuid seirbhísí, ina struchtúr eagraíochtúil, agus sna cineálacha cliant a ndéanann siad freastal orthu. Cé gur ann do ghorlanna fíorúla/ar líne, tacaíonn formhór na gclár le cuideachtaí nuathionscanta ar a n-áitreabh féin ar feadh tréimhse theoranta ama. Cuirtear leis an seans go mairfidh agus go bhforbróidh cuideachta nuathionscanta má chuirtear clár gorlainne gnó i gcrích go rathúil.
Meantóireacht
Caidreamh gairmiúil ina gcabhraíonn an duine a bhfuil taithí aige/aici (an meantóir) le duine éigin eile (an meantóir faoi oiliúint) chun scileanna agus eolas a fhorbairt a chuirfidh le forbairt ghairmiúil agus phearsanta an duine ag a bhfuil níos lú taithí. De ghnáth, is caidreamh níos fadtéarmaí a bhíonn i gceist anseo i gcomparáid leis an gcaidreamh cóitseála.
Meastóireacht
Is é cuspóir na meastóireachta ábharthacht, tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht cláir nó gníomhaíochta beartais a thomhas. D’fhéadfadh go mbeadh meastóireacht cáilíochtúil, cainníochtúil nó go mbeadh meascán i gceist. Déantar meastóireachtaí rathúla a phleanáil nuair a bhíonn an beartas á dhearadh agus bailítear táscairí nuair a bhíonn an beartas á chur chun feidhme ionas gur féidir iad a chur san áireamh sa mheastóireacht. Ba cheart meastóireacht a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealaí a sholáthraíonn faisnéis úsáideach do chinnteoirí, bunaithe ar na himthosca polaitiúla, na srianta atá ar an gclár agus na hacmhainní atá ar fáil. Ba cheart torthaí na meastóireachta a úsáid chun dearadh beartais a fheabhsú.
Ráthaíochtaí iasachta
Tiomantas ó thríú páirtí cuid de na caillteanais a bhaineann le mainneachtain iasachta a chlúdach. Is féidir leis an rialtas agus/nó comhlachas príobháideach gnó an tiomantas a sholáthar. Bíonn ciste atá ag feidhmiú mar chomhthaobhacht ag tacú leis.
Scileanna fiontraíochta
Meascán de scileanna teicniúla, scileanna bainistíochta gnó agus scileanna pearsanta a theastaíonn chun gnó a bhunú agus a bheith i mbun gnó agus féinfhostaíocht. Áirítear ina measc, mar shampla, neartú foirne, idirbheartaíocht, forbairt straitéise, pleanáil airgeadais, agus margaíocht.
Seirbhísí forbartha gnó
Seirbhísí a bhfuil sé mar aidhm leo feidhmíocht an fhiontair a fheabhsú trína chumas dul san iomaíocht agus rochtain a fháil ar mhargaí a fheabhsú. Áirítear i measc seirbhísí tacaíochta de ghnáth oiliúint, meantóireacht, cóitseáil, comhairleacht, cúnamh margaíochta, faisnéis, forbairt teicneolaíochta agus cúnamh aistrithe agus líonrú. Cuirtear saincheisteanna straitéiseacha (saincheisteanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a chuireann feabhas ar fheidhmíocht) agus saincheisteanna oibríochtúla (ó lá go lá) san áireamh.