Skip to main content

Ag tacú le daoine dífhostaithe san fhéinmheasúnú fiontraíochta

01
Gan tosú
02
Gan tosú
03
Gan tosú
04
Gan tosú
05
Gan tosú
06
Gan tosú
Déan measúnú bunaithe ar scála ó 0 go 10. Mura bhfuil freagra agat nó mura mbaineann an cheist le do chomhthéacs, cuir an cúrsóir taobh le “Gan freagra” ar thaobh na láimhe clé den scála.
Cabhair

Cultúr cuimsitheach fiontraíochta a chothú

Is é cur lena bhfuil ar eolas faoi phoitéinseal na fiontraíochta mar mhalairt ar fhostaíocht spleách an chéad chéim chun aird daoine a tharraingt ar an bhfiontraíocht. Cumhdaítear sa mhodúl seo modhanna promóisin cosúil le feachtais feasachta spriocdhírithe, oideachas agus úsáid rólchuspaí.
Unemployed Quiz Culture
1.1 Cuirtear earnáil na fiontraíochta chun cinn go forleathan sa tsochaí i measc daoine atá dífhostaithe.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Cuirtear fiontraíocht chun cinn mar ghníomhaíocht inmharthana le haghaidh daoine atá dífhostaithe agus daoine atá gan obair.
  • Cruthaítear íomhá dhearfach den phoitéinseal fiontraíoch atá le tabhairt faoi deara i measc daoine atá dífhostaithe.
  • Cuirtear tionchar eacnamaíoch na fiontraíochta a bhfuil an dífhostaíocht mar bhonn léi in iúl.
  • Úsáidtear scéalta faoi fhiontraithe a bhfuil ag éirí go maith leo, eiseamláirí agus gradaim fiontraíochta chun léargas a thabhairt ar fhiontraithe ó chúlraí éagsúla, lena n-áirítear iad siúd a bhí dífhostaithe.
  • I measc na mbeart gníomhach atá forbartha sa mhargadh saothair tá bearta tacaíochta cruthaithe gnó do dhaoine atá dífhostaithe.
1.2 Cuirtear fiontraíocht chun cinn i measc próifílí éagsúla daoine atá dífhostaithe.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Úsáidtear feachtais, scéalta faoi fhiontraithe a bhfuil ag éirí go maith leo, eiseamláirí agus gradaim fiontraíochta chun daoine atá dífhostaithe a spreagadh agus chun léargas a thabhairt ar fhiontraithe ó chúlraí éagsúla, lena n-áirítear iad siúd a bhí dífhostaithe.
  • Déantar teachtaireachtaí a shaincheapadh le haghaidh próifílí difriúla daoine atá dífhostaithe, céimithe agus luchtfhágálaithe scoile, mar shampla.
  • Úsáidtear teachtaireachtaí oiriúnacha chun imircigh a chur ar an eolas maidir le ról an riosca san fhiontraíocht.
  • Úsáidtear cainéil oiriúnacha sna meáin agus ar líne chun dul i bhfeidhm ar dhaoine atá dífhostaithe.
1.3 Déanann feachtais spriocdhírithe poiblíocht ar fhiontraíocht daoine atá dífhostaithe i measc príomheiseamláirí.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Cuireann feachtais spriocdhírithe eolas ar fáil do chomhairleoirí gairme, seirbhísí fostaíochta pobail agus ceardchumainn maidir leis an bpoitéinseal a bhaineann le fiontraíocht.
  • Cruthaítear íomhá dhearfach den fhiontraíocht atá le tabhairt faoi deara i measc daoine atá dífhostaithe.
  • Úsáidtear cainéil oiriúnacha sna meáin agus ar líne chun dul i bhfeidhm ar phríomheiseamláirí le haghaidh fiontraithe poitéinsiúla ó ghrúpaí éagsúla daoine atá dífhostaithe.
1.4 Cruthaíonn oideachas foirmiúil dearcthaí dearfacha maidir le fiontraíocht.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Tugtar léargas dearfach ar fhiontraíocht sna curaclaim éigeantacha scoile.
  • Clúdaítear san oideachas fiontraíochta éagsúlacht mhór gníomhaíochtaí agus samhlacha fiontraíochta, e.g. fiontraíocht pháirtaimseartha, fiontraíocht shóisialta.
  • Cuirtear oiliúint ar mhúinteoirí atá i mbun na gcuraclam fiontraíochta a theagasc.
  • Spreagtar mic léinn chun smaoineamh ar an bhfiontraíocht mar chonair ghairme.
1.5 Úsáidtear monatóireacht agus meastóireacht chun tionchar na ngníomhaíochtaí cur chun cinn fiontraíochta ar dhaoine atá dífhostaithe a mheas.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Déantar monatóireacht agus meastóireachtaí meántéarmacha lena chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí cur chun cinn in ann a gcuid spriocanna agus cuspóirí a chomhlíonadh.
  • Coigeartaítear gníomhaíochtaí cur chun cinn chun torthaí monatóireachta agus meastóireachta meántéarmaí a chur san áireamh.
  • Déantar meastóireachtaí ex post chun tionchar na ngníomhaíochtaí cur chun cinn fiontraíochta atá dírithe ar dhaoine atá dífhostaithe a thomhas, agus déantar tuairisciú forleathan ar na torthaí.
  • Déantar tuairisciú forleathan ar na torthaí monatóireachta agus meastóireachta ar mhaithe le feachtais feasachta a fheabhsú.
Cabhair don mhodúl seo
Nótaí treorach:
Gluais:
Bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair
Bearta chun cabhrú le daoine dífhostaithe agus le daoine eile a bheith páirteach sa mhargadh saothair. Áirítear i measc na mbeart seo de ghnáth bróicéireacht post (folúntais agus cuardaitheoirí poist a nascadh lena chéile), oiliúint (chun scileanna iarratasóirí ar phost a uasdátú agus a oiriúnú), agus cruthú post díreach (fostaíocht san earnáil phoiblí nó fóirdheonú oibre san earnáil phríobháideach).
Caillteanas marbhualaigh
A mhéid is gá go mbeadh gnó nua bunaithe ag rannpháirtithe gan an fóirdheontas. De bhrí nach bhfuil tionchar ag an scéim ar iompar na “rannpháirtithe marbhualaigh” seo, ní chuireann a rannpháirtíocht leis an luach eacnamaíoch a chruthaíonn an scéim cé go bhfuil eisíocaíocht phoiblí i gceist. Tá costas sóisialta na heisíocaíochta seo cothrom le suim an chostais saofa nó ualach barrachais na cánach atá á mhaoiniú.
Caipiteal sóisialta
An luach a bhaineann le líonraí sóisialta, a bhfuil baint ag an teaghlach, cairde, comhghleacaithe, agus teagmhálaithe gnó agus pearsanta leo, líonraí trína n-aimsítear deiseanna. San earnáil fiontraíochta, soláthraíonn caipiteal sóisialta rochtain ar eolas, líonraí cliant, soláthraithe agus tacaíocht ghairmiúil, agus d’fhéadfadh sé, dá réir sin, cur leis na deiseanna atá ag duine a chinntiú go n-éireoidh le gnó.
Cóitseáil
Caidreamh gearrthéarmach de ghnáth, a bhfuil sé mar aidhm leis scileanna fiontraí a fhorbairt. Is próiseas comhoibríoch é ina bhfuil róil atá sainmhínithe go soiléir ag na rannpháirtithe. Tá an cóitseálaí freagrach as spriocanna gearrthéarmacha a fhorbairt agus as an gcóitseálaí faoi oiliúint a threorú i dtreo na spriocanna trí aiseolas cuiditheach a thabhairt. Tá an cóitseálaí faoi oiliúint freagrach as smaointe agus roghanna a fhorbairt, beart a dhéanamh chun an sprioc a bhaint amach, agus dul chun cinn a thuairisciú.
Comhairleoireacht gnó
Cineál seirbhís forbartha gnó a sholáthraíonn comhairle ghairmiúil. Cur chuige coitianta é seirbhísí comhairleoireachta gnó a thairiscint mar chuid de scéimeanna tacaíochta comhtháite agus a shonrú gur coinníoll a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fháil é an chomhairleoireacht gnó.
Díláithriú
A mhéid is a thógann gnóthaí fóirdheonaithe gnó ó fhostaíocht agus a dhíláithríonn siad fostaíocht i ngnó neamh-fhóirdheonaithe.
Eiseamláirí
Fiontraí a bhfuil taithí aige/aici atá in ann daoine eile a spreagadh chun gnó nuathionscanta a bhunú nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí féinfhostaíochta.
Fiontraithe srathacha
Fiontraithe a n-éiríonn leo gnóthaí a bhunú agus a dhíolann iad nuair nach mbíonn siad ach cúpla bliain ar an bhfód seachas gnó a rith ar feadh a shaolré.
For-rochtain
Iarracht chórasach seirbhísí a sholáthar sa bhreis ar ghnáth-theorainneacha chun freastal ar chodanna éagsúla de phobal. Is féidir seirbhísí for-rochtana a úsáid chun próifíl seirbhísí (níos coitianta) a ardú agus daoine a chur ar an eolas faoin soláthar. Is féidir seirbhísí for-rochtana a úsáid freisin chun dul i bhfeidhm ar, agus deis rannpháirtíochta a thabhairt do ghrúpaí sonracha agus dóibh siúd nach bhfuil sé de nós acu seirbhísí príomhshrutha a úsáid. Cur chuige amháin é seirbhísí a sheachadadh in ionaid a bhfreastalaíonn daoine ó na spriocphobail orthu cheana féin (e.g. ionaid phobail, ionaid don aos óg, ionaid adhartha, ionaid siopadóireachta) seachas oifig for-rochtana a bhunú agus iarracht a dhéanamh daoine a mhealladh i dtreo na hoifige.
Gorlanna gnó
áiseanna deartha chun tacú le cruthú agus le fás cuideachtaí fiontraíocha trí réimse acmhainní agus seirbhísí tacaíochta gnó, á dtairiscint go díreach sa ghorlann agus trína líonra teagmhálaithe. Tá éagsúlacht le tabhairt faoi deara sa tslí a sheachadann gorlanna a gcuid seirbhísí, ina struchtúr eagraíochtúil, agus sna cineálacha cliant a ndéanann siad freastal orthu. Cé gur ann do ghorlanna fíorúla/ar líne, tacaíonn formhór na gclár le cuideachtaí nuathionscanta ar a n-áitreabh féin ar feadh tréimhse theoranta ama. Cuirtear leis an seans go mairfidh agus go bhforbróidh cuideachta nuathionscanta má chuirtear clár gorlainne gnó i gcrích go rathúil.
Meantóireacht
Caidreamh gairmiúil ina gcabhraíonn an duine a bhfuil taithí aige/aici (an meantóir) le duine éigin eile (an meantóir faoi oiliúint) chun scileanna agus eolas a fhorbairt a chuirfidh le forbairt ghairmiúil agus phearsanta an duine ag a bhfuil níos lú taithí. De ghnáth, is caidreamh níos fadtéarmaí a bhíonn i gceist anseo i gcomparáid leis an gcaidreamh cóitseála.
Meastóireacht
Is é cuspóir na meastóireachta ábharthacht, tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht cláir nó gníomhaíochta beartais a thomhas. D’fhéadfadh go mbeadh meastóireacht cáilíochtúil, cainníochtúil nó go mbeadh meascán i gceist. Déantar meastóireachtaí rathúla a phleanáil nuair a bhíonn an beartas á dhearadh agus bailítear táscairí nuair a bhíonn an beartas á chur chun feidhme ionas gur féidir iad a chur san áireamh sa mheastóireacht. Ba cheart meastóireacht a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealaí a sholáthraíonn faisnéis úsáideach do chinnteoirí, bunaithe ar na himthosca polaitiúla, na srianta atá ar an gclár agus na hacmhainní atá ar fáil. Ba cheart torthaí na meastóireachta a úsáid chun dearadh beartais a fheabhsú.
Ráthaíochtaí iasachta
Tiomantas ó thríú páirtí cuid de na caillteanais a bhaineann le mainneachtain iasachta a chlúdach. Is féidir leis an rialtas agus/nó comhlachas príobháideach gnó an tiomantas a sholáthar. Bíonn ciste atá ag feidhmiú mar chomhthaobhacht ag tacú leis.
Scileanna fiontraíochta
Meascán de scileanna teicniúla, scileanna bainistíochta gnó agus scileanna pearsanta a theastaíonn chun gnó a bhunú agus a bheith i mbun gnó agus féinfhostaíocht. Áirítear ina measc, mar shampla, neartú foirne, idirbheartaíocht, forbairt straitéise, pleanáil airgeadais, agus margaíocht.
Seirbhísí forbartha gnó
Seirbhísí a bhfuil sé mar aidhm leo feidhmíocht an fhiontair a fheabhsú trína chumas dul san iomaíocht agus rochtain a fháil ar mhargaí a fheabhsú. Áirítear i measc seirbhísí tacaíochta de ghnáth oiliúint, meantóireacht, cóitseáil, comhairleacht, cúnamh margaíochta, faisnéis, forbairt teicneolaíochta agus cúnamh aistrithe agus líonrú. Cuirtear saincheisteanna straitéiseacha (saincheisteanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a chuireann feabhas ar fheidhmíocht) agus saincheisteanna oibríochtúla (ó lá go lá) san áireamh.