Skip to main content

Ag tacú le seanóirí san fhéinmheasúnú fiontraíochta

01
Gan tosú
02
Gan tosú
03
Gan tosú
04
Gan tosú
05
Gan tosú
06
Gan tosú
Déan measúnú bunaithe ar scála ó 0 go 10. Mura bhfuil freagra agat nó mura mbaineann an cheist le do chomhthéacs, cuir an cúrsóir taobh le “Gan freagra” ar thaobh na láimhe clé den scála.
Cabhair

Cultúr cuimsitheach fiontraíochta a chothú

Is é cur lena bhfuil ar eolas faoi phoitéinseal na fiontraíochta mar mhalairt ar fhostaíocht spleách an chéad chéim chun aird daoine a tharraingt ar an bhfiontraíocht. Cumhdaítear sa mhodúl seo modhanna promóisin cosúil le feachtais feasachta spriocdhírithe, oideachas agus úsáid rólchuspaí.
Seniors Quiz Culture
1.1 Cuirtear an fhiontraíocht do sheanóirí chun cinn go forleathan sa tsochaí.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Cuirtear an fhiontraíocht chun cinn mar ghníomhaíocht inbhuanaithe do sheanóirí, lena n-áirítear mar ghníomhaíocht fhéideartha chun síneadh a chur leis an saol oibre trí aistriú ó fhostaíocht lánaimseartha go bheith ar scor.
  • Cruthaítear íomhá dhearfach d’acmhainneacht fiontraíochta na seanóirí.
  • Cuirtear in iúl tionchar eacnamaíoch na fiontraíochta atá á tiomáint ag seanóirí.
  • Baintear leas as scéalta ratha, eiseamláirí agus gradaim fiontraíochta chun fiontraithe sinsearacha ó raon leathan cúlraí agus cineálacha éagsúla gnólachtaí a thaispeáint.
  • Áirítear le bearta gníomhacha mhargadh an tsaothair bearta tacaíochta cruthaithe gnó do sheanóirí.
  • Ardaítear feasacht faoin fhéidearthacht atá ann do sheanóirí tacú le fiontraithe eile mar mheantóir nó mar infheisteoir.
1.2 Cuirtear an fhiontraíocht chun cinn do phróifílí difriúla seanóirí.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Baintear leas as scéalta ratha, eiseamláirí agus gradaim fiontraíochta chun seanóirí a spreagadh agus fiontraithe sinsearacha ó raon leathan cúlraí a thaispeáint.
  • Cuirtear teachtaireachtaí in oiriúint do phróifílí éagsúla seanóirí fear agus ban scothaosta (m.sh. aistriú ó fhostaíocht go bheith ar scor, bheith gníomhach tar éis bheith ar scor nó dífhostaithe).
  • Úsáidtear teachtaireachtaí oiriúnacha chun eolas a thabhairt do sheanóirí faoi ról an riosca san fhiontraíocht.
  • Úsáidtear cainéil chuí chun seanóirí a shroicheadh, lena n-áirítear meáin thraidisiúnta (teilifís, preas) agus meáin ar líne.
1.3 Cuireann feachtais spriocdhírithe fiontraíocht seanóirí chun cinn do phríomheiseamláirí.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Cuireann feachtais spriocdhírithe gairmchomhairleoirí, seirbhísí fostaíochta poiblí agus ceardchumainn ar an eolas faoi acmhainneacht na fiontraíochta i measc seanóirí.
  • Cruthaítear íomhá dhearfach den fhiontraíocht i measc seanóirí.
  • Úsáidtear cainéil chuí meán agus ar líne chun teagmháil a dhéanamh le príomheiseamláirí d'fhiontraithe ionchasacha.
1.4 Cothaíonn cláir oiliúna agus oideachas leanúnach dearcaí dearfacha i leith na fiontraíochta i measc seanóirí.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Cuirtear fiontraíocht i measc seanóirí san áireamh i gcláir foghlama aosaí agus cuirtear i láthair go dearfach í mar rogha.
  • Clúdaíonn oiliúint fiontraíochta raon leathan gníomhaíochtaí agus samhlacha fiontraíochta, e.g. fiontraíocht pháirtaimseartha, fiontraíocht shóisialta.
  • Cuirtear oiliúint ar sholáthraithe foghlama aosaí maidir le seachadadh na gcuraclam fiontraíochta.
1.5 Úsáidtear monatóireacht agus meastóireacht chun tionchar na ngníomhaíochtaí tionscnaimh fiontraíochta ar sheanóirí a mheas.
SCÓR ÍSEAL
SCÓR ARD
Áirítear le scór ard:
  • Tugtar faoi mhonatóireacht agus faoi mheastóireachtaí meántéarmacha lena chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí tionscnaimh ar an mbóthar ceart lena spriocanna agus a gcuspóirí a bhaint amach.
  • Cuirtear gníomhaíochtaí tionscnaimh in oiriúint i bhfianaise torthaí monatóireachta agus meastóireachta meántéarma.
  • Tugtar faoi mheastóireachtaí ex post chun tionchar gníomhaíochtaí tionscnaimh fiontraíochta atá dírithe ar sheanóirí a thomhas, agus tuairiscítear na torthaí go forleathan.
  • Déanann meastóireachtaí próifílí éagsúla seanóirí a mheas, e.g. trí shonraí a bhailiú ar shaintréithe amhail aois, inscne, cúlra gairmiúil, taithí fiontraíochta roimhe seo.
  • Tuairiscítear torthaí monatóireachta agus meastóireachta go forleathan agus úsáidtear iad chun feachtais fheasachta a fheabhsú.
Cabhair don mhodúl seo
Nótaí treorach:
Gluais:
Bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair
Bearta chun cabhrú le daoine dífhostaithe agus le daoine eile a bheith páirteach sa mhargadh saothair. Áirítear i measc na mbeart seo de ghnáth bróicéireacht post (folúntais agus cuardaitheoirí poist a nascadh lena chéile), oiliúint (chun scileanna iarratasóirí ar phost a uasdátú agus a oiriúnú), agus cruthú post díreach (fostaíocht san earnáil phoiblí nó fóirdheonú oibre san earnáil phríobháideach).
Caillteanas marbhualaigh
A mhéid is gá go mbeadh gnó nua bunaithe ag rannpháirtithe gan an fóirdheontas. De bhrí nach bhfuil tionchar ag an scéim ar iompar na “rannpháirtithe marbhualaigh” seo, ní chuireann a rannpháirtíocht leis an luach eacnamaíoch a chruthaíonn an scéim cé go bhfuil eisíocaíocht phoiblí i gceist. Tá costas sóisialta na heisíocaíochta seo cothrom le suim an chostais saofa nó ualach barrachais na cánach atá á mhaoiniú.
Caipiteal sóisialta
An luach a bhaineann le líonraí sóisialta, a bhfuil baint ag an teaghlach, cairde, comhghleacaithe, agus teagmhálaithe gnó agus pearsanta leo, líonraí trína n-aimsítear deiseanna. San earnáil fiontraíochta, soláthraíonn caipiteal sóisialta rochtain ar eolas, líonraí cliant, soláthraithe agus tacaíocht ghairmiúil, agus d’fhéadfadh sé, dá réir sin, cur leis na deiseanna atá ag duine a chinntiú go n-éireoidh le gnó.
Cóitseáil
Caidreamh gearrthéarmach de ghnáth, a bhfuil sé mar aidhm leis scileanna fiontraí a fhorbairt. Is próiseas comhoibríoch é ina bhfuil róil atá sainmhínithe go soiléir ag na rannpháirtithe. Tá an cóitseálaí freagrach as spriocanna gearrthéarmacha a fhorbairt agus as an gcóitseálaí faoi oiliúint a threorú i dtreo na spriocanna trí aiseolas cuiditheach a thabhairt. Tá an cóitseálaí faoi oiliúint freagrach as smaointe agus roghanna a fhorbairt, beart a dhéanamh chun an sprioc a bhaint amach, agus dul chun cinn a thuairisciú.
Comhairleoireacht gnó
Cineál seirbhís forbartha gnó a sholáthraíonn comhairle ghairmiúil. Cur chuige coitianta é seirbhísí comhairleoireachta gnó a thairiscint mar chuid de scéimeanna tacaíochta comhtháite agus a shonrú gur coinníoll a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fháil é an chomhairleoireacht gnó.
Díláithriú
A mhéid is a thógann gnóthaí fóirdheonaithe gnó ó fhostaíocht agus a dhíláithríonn siad fostaíocht i ngnó neamh-fhóirdheonaithe.
Eiseamláirí
Fiontraí a bhfuil taithí aige/aici atá in ann daoine eile a spreagadh chun gnó nuathionscanta a bhunú nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí féinfhostaíochta.
Fiontraithe srathacha
Fiontraithe a n-éiríonn leo gnóthaí a bhunú agus a dhíolann iad nuair nach mbíonn siad ach cúpla bliain ar an bhfód seachas gnó a rith ar feadh a shaolré.
For-rochtain
Iarracht chórasach seirbhísí a sholáthar sa bhreis ar ghnáth-theorainneacha chun freastal ar chodanna éagsúla de phobal. Is féidir seirbhísí for-rochtana a úsáid chun próifíl seirbhísí (níos coitianta) a ardú agus daoine a chur ar an eolas faoin soláthar. Is féidir seirbhísí for-rochtana a úsáid freisin chun dul i bhfeidhm ar, agus deis rannpháirtíochta a thabhairt do ghrúpaí sonracha agus dóibh siúd nach bhfuil sé de nós acu seirbhísí príomhshrutha a úsáid. Cur chuige amháin é seirbhísí a sheachadadh in ionaid a bhfreastalaíonn daoine ó na spriocphobail orthu cheana féin (e.g. ionaid phobail, ionaid don aos óg, ionaid adhartha, ionaid siopadóireachta) seachas oifig for-rochtana a bhunú agus iarracht a dhéanamh daoine a mhealladh i dtreo na hoifige.
Gorlanna gnó
áiseanna deartha chun tacú le cruthú agus le fás cuideachtaí fiontraíocha trí réimse acmhainní agus seirbhísí tacaíochta gnó, á dtairiscint go díreach sa ghorlann agus trína líonra teagmhálaithe. Tá éagsúlacht le tabhairt faoi deara sa tslí a sheachadann gorlanna a gcuid seirbhísí, ina struchtúr eagraíochtúil, agus sna cineálacha cliant a ndéanann siad freastal orthu. Cé gur ann do ghorlanna fíorúla/ar líne, tacaíonn formhór na gclár le cuideachtaí nuathionscanta ar a n-áitreabh féin ar feadh tréimhse theoranta ama. Cuirtear leis an seans go mairfidh agus go bhforbróidh cuideachta nuathionscanta má chuirtear clár gorlainne gnó i gcrích go rathúil.
Meantóireacht
Caidreamh gairmiúil ina gcabhraíonn an duine a bhfuil taithí aige/aici (an meantóir) le duine éigin eile (an meantóir faoi oiliúint) chun scileanna agus eolas a fhorbairt a chuirfidh le forbairt ghairmiúil agus phearsanta an duine ag a bhfuil níos lú taithí. De ghnáth, is caidreamh níos fadtéarmaí a bhíonn i gceist anseo i gcomparáid leis an gcaidreamh cóitseála.
Meastóireacht
Is é cuspóir na meastóireachta ábharthacht, tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht cláir nó gníomhaíochta beartais a thomhas. D’fhéadfadh go mbeadh meastóireacht cáilíochtúil, cainníochtúil nó go mbeadh meascán i gceist. Déantar meastóireachtaí rathúla a phleanáil nuair a bhíonn an beartas á dhearadh agus bailítear táscairí nuair a bhíonn an beartas á chur chun feidhme ionas gur féidir iad a chur san áireamh sa mheastóireacht. Ba cheart meastóireacht a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealaí a sholáthraíonn faisnéis úsáideach do chinnteoirí, bunaithe ar na himthosca polaitiúla, na srianta atá ar an gclár agus na hacmhainní atá ar fáil. Ba cheart torthaí na meastóireachta a úsáid chun dearadh beartais a fheabhsú.
Ráthaíochtaí iasachta
Tiomantas ó thríú páirtí cuid de na caillteanais a bhaineann le mainneachtain iasachta a chlúdach. Is féidir leis an rialtas agus/nó comhlachas príobháideach gnó an tiomantas a sholáthar. Bíonn ciste atá ag feidhmiú mar chomhthaobhacht ag tacú leis.
Scileanna fiontraíochta
Meascán de scileanna teicniúla, scileanna bainistíochta gnó agus scileanna pearsanta a theastaíonn chun gnó a bhunú agus a bheith i mbun gnó agus féinfhostaíocht. Áirítear ina measc, mar shampla, neartú foirne, idirbheartaíocht, forbairt straitéise, pleanáil airgeadais, agus margaíocht.
Seirbhísí forbartha gnó
Seirbhísí a bhfuil sé mar aidhm leo feidhmíocht an fhiontair a fheabhsú trína chumas dul san iomaíocht agus rochtain a fháil ar mhargaí a fheabhsú. Áirítear i measc seirbhísí tacaíochta de ghnáth oiliúint, meantóireacht, cóitseáil, comhairleacht, cúnamh margaíochta, faisnéis, forbairt teicneolaíochta agus cúnamh aistrithe agus líonrú. Cuirtear saincheisteanna straitéiseacha (saincheisteanna meántéarmacha agus fadtéarmacha a chuireann feabhas ar fheidhmíocht) agus saincheisteanna oibríochtúla (ó lá go lá) san áireamh.